Skip to content

Pádraig Ó Baoighill

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge ó Rann na Feirste, Co Dhún na nGall is ea é Pádraig Ó Baoighill cé go bhfuil cónaí air le fada an lá i gCo. Mhuineacháin. Is scríbhneoir cruthaitheach agus acadúil é Pádraig agus tá beagnach 20 leabhar dá chuid foilsithe agus obair idir láimhe aige i gcónaí. Seo thíos dornán dá chuid leabhair atá i gcló:

Seachtain ar an Bhlaincéad. 1981.(leabhrán),Coiste Naisiúnta Poblachtach Ard Mhacha,

An Coileach Troda agus scéalta eile 1993. Díolaim ghearrscéalta atá ann agus iad ag tabhairt cur síos ar an saol timpeall na Teorainne.

Óglach na Rosann 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall “Pluincéad” Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag Seosamh Mac Grianna agus Séamus Ó Grianna in imeachtaí an Chogaidh Chathartha.

Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.

Nally as Maigh Eo 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.

Aimsir Óg,Cuid 1.(gearrscéal & sliocht as úrscéal), Coiscéim 2000.

Ó Ghleann go Fánaid 2000. Seo leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.

Faoisidin Naomh Pádraig.(Aistriúchán ar Phádraig ina fhocla féin). 2000. An tEaspag Ó Dufaigh,Veritas.

The Irish Language in Tyrone,Geophrapy Publications,B.Á.C, 2000

Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste 2001.

Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile 2001.

Díolaim gearrscéalta is ea í an leabhar seo, agus na scéalta ag cardáil shaol mhuintir Thír Chonaill sa bhaile agus i gcéin – is é sin, in Albain.

Ceann Tìre/Earraghàidheal. Ár gComharsanaigh Ghaelacha 2003. Seo leabhar taistil arís agus í ag cardáil saol Gharbhchríocha na hAlban.

Gasúr Beag Bhaile na gCreach 2004. Seo úrscéal gairid faoi bhuachaill beag a bhfuil an t-alcólachas ag luí ar a mhuintir, agus cur síos dúisitheach ann ar an dóigh a dtéann an fhadhb seo i bhfeidhm ar an stócach óg.

Faoi Scáth na Mucaise 2005. Díolaim scéalta béaloidis atá ann, agus iad bailithe ar imeall na Gaeltachta i dTír Chonaill.

Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007. Cnuasach béaloidis é seo chomh maith. B’é Máirtín Ó Cadhain féin a bhailigh é. Tá dlúthdhioscaí fuaime ag dul leis an leabhar le cuidiú leis an bhfoghlaimeoir blas ceart na canúna a tharraingt air féin.

Scéalaíocht & Scéalaithe Rann na Feirste, 2007.

Lón Leitheoireachta(gearrscéal i gcnuasacht) Coiscéim 2007.

Cardinal Patrick O’ Donnell 1856 – 1927 2008 Déanann an leabhar seo staidéar ar an tionchar a d’imir an Cairdinéalach Ó Domhnaill ar shaol shóisialta, pholaitiúil eacnamaíoch agus oideachasúil a linne féin agus ar na beartais ar éirí leis cur i gcrích i dtréimhse chinniúnach i stair na hÉireann.

An Marcach Óg 2009. Ba mhaith le Dónall Óg a bheith ina mharcach. Is é mian a chroí dul ag obair leis an Traenálaí Mór, George Brown. Ach an éireoidh lena uncail, Séarlaí, cur ina luí ar a mháthair gur cheart ligean dó dul ag obair sna stáblaí i gCoill na Baioce?

Padaí Laidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thir Eoghan, 2009 ,2010.

Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin 2010. Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill. Scéal a bheatha, a dúiche, a chairde is a mhuintir. Tá dhá dhiosca ag dul leis an leabhar seo ar a gcloistear an scéalaí é féin ag nósadh dhá scéala dúinn. ISBN: 6660012100224

Féil`Scribhinn Anraí Mac Giolla Chomhaill,Coiscéim 2011.

Stracfhéachaint ar Chainteoirí Dúchais Ard Mhacha,Seanchas Ard Mhacha 2011.

Oidhreacht Rann na Feirste 2011 Tá an leabhar seo bunaithe ar léacht a thug Pádraig Ó Baoighill do Chumann Staire agus Seanchais Chloch Cheann Fhaola i 2006. Tá cur síos ann ar scríbhneoirí, scéalaithe, filí, amhránaithe agus péarlaí d’oidhreacht Rann na Feirste.

Féach le haghaidh seoladh oifigiúil Oidhreacht Rann na Feirste i gCultúrlann Mac Ádhaimh Ó Fiaich. http://www.meoneile.ie/ailt/tbhacht-fs-ag-baint-le-leabhair-tr-ghaeilge#.Uq7fbuIvlEk

Cogadh Céad Bliain(Coláiste Phádraig,Droim Conrach) Litríocht na nÓg i nGaeltacht Thír Conaill, 2012.

File Naisúnta na hAlban,Rabbie Burns - An Nasc le hÉirinn, 2015.

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir, aiste in ómós don Ollamh Nollaig Mac Congail. 2016.

Stair Chonradh na Gaeilge in Albain & Imirce an Riachtanais, 2016.

Gaeilge