Bunaíodh coiste ‘Togra Rann na Feirste’ in 1997 agus daingniú deontais chaipitil ó IFI, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus MFG in 2007 le hionad pobal a chur ar fáil do bhunadh Rann na Feirste. Le linn feachtais tofa airgid d’éirí leis an choiste thar €320,000 eile a thógáil. Is páirt thábhachtach í an cultúr an dúchas agus an teanga i bpobal Rann na Feirste agus beifear ag súil go mbeidh gníomhaíochtaí na hÁislainne lárnach i gcaomhnú agus ag forbairt na ngnéithe sin.
Tá an Áislann féin tógtha i ‘bPáirc Sheáin Néill’ mar a thugtaí air agus cé gur fosclaíodh í i Meitheamh 2010 rinneadh í a oscailt go hoifigiúil ar an 21 Deireadh Fómhair 2011. Is féidir a rá gan amhras anois go bhfuil páirt lárnach a imirt ag Áislann Rann na Feirste i saol an phobail agus na pobail atá buailte linn.
Táimid anseo duitse
Cuir in áirithe anois
Is é an ráta caighdeánach chun an halla nó an seomra a fhostú ná €20.00 don chéad uair an chloig agus €10.00 in aghaidh gach uair an chloig ina dhiaidh sin.
Mar sin féin, d’fhéadfadh rátaí a bheith éagsúil ag brath ar an ócáid, mar shampla dioscónna, páirtithe, príomhfheidhmeanna...
Cliceáil an cnaipe thíos chun áirithint a dhéanamh anois nó chun tuilleadh a fháil amach.