Fúinn
Áislann Rann Feirste
Áislann Rann na Feirste
Is ionad pobail é Áislann Rann na Feirste a thacaíonn le caitheamh aimsire, oideachas, cultúr, oidhreacht agus gníomhaíochtaí pobail i gceantar tuaithe Gaeltachta in Iarthar Dhún na nGall.
Tá Rann na Feirste tábhachtach mar phobal Gaeltachta ar scála náisiúnta, agus go deimhin, idirnáisiúnta. I ndaonáireamh 2022, taifeadadh go raibh 86.8% cainteoirí Gaeilge sa cheantar, rud a chuireann muid sa cheathrú háit, sna deich baile is airde ina bhfuil cainteoirí lonnaithe go náisiúnta.
Cé go bhfuil muid láidir i réimse na teanga, na hoidhreachta agus an chultúir, mar gheall ar na ráta dífhostaíochta sa cheantar, táimid ainmnithe mar ‘ceantar faoi mhíbhuntáiste’ sa thír. Mar gheall ar sin, tá ról tábhachtach ag an t-Áislann tacú leis na teaghlaigh atá ina gcónaí sa choirneál álainn seo den domhan.
Tírdhreach
Tá an brablach tanaí domasaí atá mar úir ann ina luí ar na creagacha is sine ar an domhan; tá grágáin go fras ann -- buna na gcrann mór a mbíodh an eilit ag dul i bhfostó iontu sula gcuala Éire guth daonna riamh. Ní inseoidh neach saolta go deo goidé mar cuireadh síol an fhraoigh atá le fáil go fóill, d'ainneoin curaíochta, síos go fíorbhéal an láin mhara. Níl seanchas Iena inse féin cé a chuir an chéad spád ann.
Ach is furast a dhreach a shamhailt sula ndeachthas a bhaint barr as: malacha agus riobaill fhada na gcnoc agus blár de chaorán rua ag a mbun, agus lochanna glana ciúine á mbreacadh agus tuilteacha ag caismirnigh le fána. Cuanta ag tochailt eadar na beanna arda gágacha breaca: cuanta a mbíodh uafás an domhain iontu teacht na hoíche, go díreach mar a bhíos anois. Tránna a bhíodh ag búirigh nuair a bhíodh an drochaimsir sa trian deireanach dá suan; tránna a bhíodh ag búirigh mar bheadh fearg agus tuirse gan aithris orthu fán chascairt sin na dtonn agus na gcladach.
Ach tháinig na daoine agus chuir siad a gcomhrac féin ar bun i measc an achrainn a bhí ag muir agus ag tír. Cluineadh géimneach a gcuid mart agus gliogar a gcuid uirnisí go géar glinn i lár mhórfhuaimeanna na mara. Tháinig na Págánaigh ann. Tháinig na Críostaithe. Tógadh corrtheach a bhí scoite agus uaigneach mar bheadh aisling ann. Tháinig na naoimh -- Fionán agus Cróine agus Conall -- agus thóg siad cealla agus cloigthithe.
Tháinig na ceithearnaigh agus na gallóglaigh agus chuir siad daingin ina seasamh ar áth agus ar chlochán. Agus mar is dual don leanbh a bheith ina sheanduine, d'éirigh na tithe agus na cealla agus na daingin ina mballóga, agus shlog an caorán agus an fraoch iad mar chuirfí in uaigh iad."
Cúlra
Cúlra
Tá Rann na Feirste suite in sna Rossan in iarthuaisceart Dhún na nGall. Rinne na deartháireacha Seán agus Pádraig Mac Grianna as Stacarnaigh, in aice le Mhín an Lábáin, a chéad chónaí ann i 1736.
Is sráidbhaile beag álainn í Rann na Feirste le radharc na fharraige ar thaobh amháin agus radharc na hEaragaile agus sléibhte Ghleann Domhain ar an taobh eile.