Skip to content
Domhnall Ó Grianna

Domhnall Ó Grianna

I Rann na Feirste, Dún na nGall, a rugadh é ar 14 Márta 1894. Deartháir le Séamus Ó Grianna, le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) agus le Seán Bán Mac Grianna ba ea é. Ba é Féilimí Dhomnaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) , a mháthair. Bhí aon duine déag clainne ann ach fuair beirt bás ina naíonáin. Ba iad an cúigear eile: Aodh, Bidí, Sally, Áine agus Bell. Col ceathracha dó an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna agus a dheartháirsean Domhnall (‘Domhnall na hInstitiúide’ a bhí tráth ina chláraitheoir in Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath).

Bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste, é ina chathaoirleach ar Ghasra an Fháinne, ina bhall de Choiste na Feise, ina bhall de Choiste Ceantair an Chonartha agus ina mhúinteoir ag Cumann Chluain Ard. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1923–4 agus ina chisteoir ag Comhaltas Uladh i 1925. Tá cuntas ag Cathal Mac Criostail ar a shaol in An tUltach, Deireadh Fómhair 1962, agus cuireann sé síos ann ar chúlra na clainne: ‘Ba í clann Mhic Ghrianna an chéad teaghlach a chuaigh i mbun tí i Rann na Feirste tuairim ar dhá chéad bliain ó shin. Ó thaobh athair Dhomhnaill bhí an líne mar leanas: Feidhlimidh Dhomhnaill Phroinséis Dhomhnaill Phádraig Mháire Nic Ghrianna, agus ó thaobh, na máthar: Máire Eibhlín Néillin Shéamais Róise Seáin Mhic Ghrianna’. Bhí Domhnall pósta ar Threasa Ní Dhochartaigh agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Is é ‘Mac Grianna’ an leagan den sloinne, an leagan ceart stairiúil, a úsáideann Mac Criostail ina chuntas. Aistriúcháin a rinne sé faoin sloinne ‘Ó Grianna’ is ea: Uaigheanna Chill Mhóirne, 1933 (The graves of Kilmorna le P.A.Sheehan); Fear fíor agus fealltóir, 1935 (True man and traitor le Matthias McD. Bodkin); Gadaidheacht le láimh láidir, 1936 (Robbery under arms le Rolf Boldrewood); Flatha na hAlban, 1937 (The Scottish chiefs le Miss Jane Porter). D’éirigh ceist i dtaobh na n-aistriúchán. B’fhéidir gurbh é Liam Prút, ina aiste chuimsitheach ‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97, 1997, a luaigh den chéad uair gurbh é Domhnall Mac Grianna , Eagarthóir an Ghúim, a d’aistrigh The Graves of Kilmorna. 

Tá an t-eolas thuas le fáil ar an suíomh www.ainm.ie www.ainm.ie.

Gaeilge