Skip to content

Róise Ní Bhaoill

Bás in Éirinn May you Die in Ireland

In eagar ag Aodán Mac Póilin agus Róise Ní Bhaoill

Tá seacht scéal sa bhailiúchán seo ó chuid de na gearrscéalaithe Gaeilge is mó clú i litríocht na Nua-Ghaeilge; Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí.Cuideoidh an téacs comhthreomhar Béarla leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a chuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir. Beidh an ghluais ag deireadh an leabhair ina chuidiú maidir le húsáid na teanga nó le leaganacha neamhchaighdeánacha focal. Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir, agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge. Agus iad ag tabhairt faoin bhás – téama an bhailiúcháin – siúlann na húdair raon leathan mothúchán, ón duairceas go dtí an fhuarchúis go dtí an greann féin. (An tUltach)

Gaeilge