Skip to content

Drithleoga

Bunaíodh Pobalscoil Ghaoth Dobhair i 1973 nuair a cónascadh Ardscoil Mhuire (mean-scoil i Machaire Chlochair a bunaíodh 1957) agus an Ghairmscoil (ceardscoil i Srath na Corcra ó 1966). Bhí an Phobalscoil á reáchtáil idir an dá fhoirgneamh go 1980 nuair a tógadh scoil úr ar an Luinnigh. Cuireadh go mór le haiseanna na scoile le goirid — Páirceanna Peile (2002), Seomraí Feistis (2009) agus Halla Spóirt agus Seomraí Ranga (2011).

Seo tríú dlúthdhiosca Phobalscoil Ghaoth Dobhhair. hEisíodh an chéad cheann i 1999 mar chuid de chomóradh 25 Bliain na Scoile. Cuireadh an dara ceann, Idir Muir agus Sliabh, amach i 2008. Sa tríú ceann seo, tá na 'drithleoga' ceoil agus amhránaíochta ar Diosca 1, agus na 'drithleoga' cainte ar Diosca 2.

Ar an chéad diosca, tá 10 traic ag scoláirí atá ag freastal ar an Phobalscoil san am i lathair, 4 cinn ag iarscoláirí a d'fhág le goirid agus 4 eile ag baill de fhoireann na scoile, triúr acu gur iarscoláirí iad. Bainigí as na hamhráin thraidisiúnta, an ceol tíre, an ceol uirlise agus na hamhráin nua-aimseartha, léirithe go snasta agus le samhlaíocht ag Mánus Lunny.

Ar an dara diosca, tá bias de thraidisiún láidir cainte na Pobalscoile — cláracha raidió fá Rann na Feirste, fá Ghaoth Dobhair agus fá Shéamas Ó Grianna ('Máire'), chomh maith le cúig phíosa aithriseoireachta. Bainfidh cuid de na drithleoga cainte seo deor asat, cuid eile gáire asat agus bhéarfaidh cuid eile acu blas beag duit den tsaibhreas iontach teanga agus cultúra a bhí agus atá ar an dá thaobh den ghaoth. Go maire sé!

Creideadh i gcónaí gur comhartha a bhí i ndrithleoga na tine go raibh airgead ag teacht 'un tí. Cibé faoin airgead, tá súil agam go lasfaidh na drithleoga ceoil agus cainte seo an tsamhlaíocht ionaibh, go mbeidh aibhleoga dearga ar ndúchais ag spréachadh i dtólamh agus go mbeidh na bladhairí ag splancarnaigh i súile an aois óig. Bímis ag coigilt agus ag rúscadh na gríosaí i gcónaí!

Noel Ó Gallchóir Príomhoide

Gaeilge