Skip to content

Ceol Cheann Dubhrann

Ceol Cheann Dubhrann Is dluthdhiosca é seo a cuireadh i gceann a chéile le hairgead a thógáil de Scoil Náisiúnta Rann na Feirste, agus Áislann Rann na Feirste, Ionad Pobail i nGaeltacht Dhún na nGall. Is é Mánus Lunny a rinne iomlán an léiriúcháin, an innealtóireacht. Ba é Paul Geechan a rinne an máistreacht ag Park Lane i nGlashú.

 

 

Cúlra

Thoisigh ‘Coiste Cheol Cheann Dubhrann’ ar an togra seo agus obair thógála na hÁislainne ag teacht chun críche. Is de bhunadh Rann an Feirste tromlach na gceoltóir diomaite de na haíonna speisialta Máire Ní Bhraonáin agus Mairéad Ní Mhaonaigh. Tháinig roinnt de na hamhráin as Rann na Feirste féin agus a mbunús eile a cheoltaí go minic sa cheantar leis na blianta fada. Seoladh an dlúthdhiosca ar an 12 Nollaig 2009 idTábhairne Leo, Mín a’ Leice. Rinneadh é a sheoladh chomh maith i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 26 Feabhra 2010.

Cuireadh cóip in aisce chuig achan teach i Rann na Feirste. D’eisigh Gael Linn fadcheirnín i 1972 darbh ainm Rann na Feirste agus tá ceithre cheoltóir ón fhadcheirnín sin ag ceol ar an dlúthdhiosca seo chomh maith.

Nótaí faoi na hAmhráin.

1. A Very Warm Summer Day Seán Bán Mac Grianna (John Bán Fheilimí, 1905-1979) from Rann na Feirste composed this song. A love song in which the poet recalls the days of his youth and a beautiful maiden who met him on a Hot Summer Day. But the author failed to have a relationship with her and escaped at night.

2. Ar Maidin Dé Máirt Amhrán grá eile atá i gceist leis an amhrán seo agus tá téamaí an ghrá le sonrú i bhfocla an amhráin, go háirid briseadh cleamhnais agus briseadh croí. Insíonn an t-amhrán an scéal faoi fhear atá ag fanacht lena ghrá geal ar lá a bpósta ach ligeann sí síos é mar nach dtig sí lena phósadh. Cuireann seisean an locht ar chúlchaint daoine a chuir ó phósadh iad.

3. Méilte Cheann Dubhrann Chum Séamus Ó Grianna (Jimí Fheilimí, 1889-1969), an scríbhneoir cáiliúil as Rann na Feirste, an t-amhrán seo agus ba é a dheartháir, Hiúdaí Fheilimí, a chan é an chéaduair in 1925. Chan sé Méilte Cheann Dubhrann ag cóisir i dteach na comharsan, Aodh John Mac Gairbheith, do mhac Aoidh, Johnny Mór, a bhí ag imeacht go Meiriceá an mhaidin dár gcionn. Bhí sé leathchéad bliain sular phill sé ar Rann na Feirste.

4. Mheall Sí Lena Glórthaí Mé Seán Bán Mac Grianna as Rann na Feirste a chum an t-amhrán seo fá chailín as Gaoth Dobhair a raibh sé i ngrá léi. Bhí sise i ngrá leisean fosta ach. níor phós ceachtar den bheirt ariamh. Fuair seisean bás roimpi agus bhí sise ar a thórramh.

5. An Chéad Mháirt d’Fhómhar Amhrán brónach a chum Séamus Ó Domhnaill, duine de na ‘Filí gan Iomrá’, nuair a báitheadh a mhac, Pádraig, le linn dó a bheith ar a bhealach i gcurach trasna an ghaoith idir an Bun Beag agus Rann na Feirste sa bhliain 1811. Maíonn scríbhneoirí áirithe go bhfuil Pádraig adhlactha i Machaire Gathlán siocair gurbh as Gaoth Dobhair Gráinne, bean Shéamuis, agus go raibh sise ag iarraidh a mac a bheith adhlactha i Machaire Gathlán. Bhí a athair i bhfách lena mhac a bheith i reilig na Cruite in éineacht le Dálaigh Rann na Feirste uilig. D’éirigh achrann eatarthu. Fágadh an cinneadh ag Niall, an mac ab óige, agus roghnaigh seisean reilig na Cruite.

6. An Seanduine Dóite Tá leaganacha éagsúla den amhrán bhríomhar seo le fáil ar fud na tíre. Cailín óg pósta ar sheanduine, ach nuair a bhíonn seisean ina chodladh, bíonn sise ag spraoi le fir óga! Téama atá coitianta go leor i gcuid mhór de na hamhráin ghrá go moltar don chailín óg gan an seanduine a phósadh ar mhaithe le maoin shaolta. Tá leagan an amhráin atá ar fáil ar an dlúthdhiosca seo iontach comhaimseartha mar atá an téama féin.

7. Úirchill an Creagáin One of the sweetest and most beautiful songs to be found; this is a patriotic dream composed by Art Mac Cumhaigh (1715-1773), the most famous of the Orial poets in South Armagh. The poem is in the form of an interview between the poet and a fairy; he weeping for the failure of the Gaels and the oppression of the Gaels, she trying to lure him to the Land of Honey. He eventually surrenders to her on the condition that he be buried with his family in Mountbellew cemetery, no matter where he dies.

8. Má théid tú chun Aonaigh Amhrán a bhí iontach coitianta i Rann na Feirste uair den tsaol agus leis an leagan úr seo ar an dlúthdhiosca, beidh daoine in ann éisteacht a thabhairt don amhrán arís. Ba ghnách le measarthacht daoine ar an bhaile an t-amhrán a cheol agus ina measc an bheirt deartháireacha Aodh agus Seán Ó Duibheannaigh mar aon leis an fhile Seán Bán Mac Grianna agus a nia, Feidhlimidh Dubh Ó Baoighill. Rinneadh taifid éagsúla de na leaganacha seo thar na blianta.

9. Mo Sheanchara Dhílis Is í Gearóidín Breathnach, an t-amhránaí iomráiteach as Rann na Feirste agus buaiteoir Chorn Uí Riada, a chum agus a chanann an t-amhrán brónach seo i gcuimhne a hathara, Neidí Frainc Mac Grianna. Bhain an t-amhrán seo Comórtas na nAmhrán Nua-chumtha san Oireachtas in 1982.

10. Caidé Sin Don Té Sin? Seanamhrán traidisiúnta a raibh agus a bhfuil cuid mhór dúil ann agus a fhianaise seo ar na leaganacha éagsúla

 

Track list

Tideal Údair Ceoltóir Fad

1.“Lá Brea Te sa tSamhradh”Seán Bán Mac GriannaDónall Mac Ruairí3:36

2.“Ar Maidin Dé Máirt”TraditionalConnie Mhary Mhicí Ó Gallchóir4:26

3.“Méilte Cheann Dubhrann”Séamus Ó GriannaMáire Ní Bhraonáin5:34

4.“Mheall Sí Lena Glórthaí Mé”Seán Bán Mac GriannaBernard Ó Duibheannaigh2:49

5.“An Chéad Mháirt Den Fhómhar”Séamus Ó DomhnaillAodh Óg Ó Duibheannaigh2:46

6.“An Seanduine Dóite”TraditionalAodh Mac Ruairí3:14

7.“Úirchill an Chreagáin”Art Mac CumhaighNéidí Mhary Hughie Ó Gallchóir3:08

8.“Má Théid Tú Chun Aonaigh”TraditionalMairéad Ní Mhaonaigh3:50

9.“Mo Sheanchara Dhílis”Gearóidín BreathnachGearóidín Breathnach4:18

10.“Caidé Sin Don Té Sin”TraditionalMaighread & Tríona Ní Dhomhnaill3:02

11.“Cianach Corrach”Séamus Ó GriannaTony Mac Ruairí4:25

12.“Ruball an Bhardail (port & dhá ríl)”TraditionalSeosamh & Seosamh Óg Mac Grianna3:29

13.“Cumhaidh an Fhile”Seán Bán Mac GriannaRosanna Ní Dhónaill4:31

14.“Is É Fáth Mo Bhuartha”TraditionalJohn Mhary Mhicí Ó Gallchóir2:26

15.“Éirigh Suas a Stóirín”TraditionalSeán Mac Ruairí3:21

16.“Iníon an Bhaoilligh”TraditionalSeán Ó Duibheannaigh2:48

17.“Thíos i Lár an Ghleanna”Séamus Ó GriannaCharlie Ghracie ‘ac Grianna4:45

18.“Ag Siúl Cois na Trá Domh”Pádraig Ó DomhnaillSailí Bn. Uí Ghallchóir4:28

19.“Siubhán Ní Dhuibhir”Traditional; Gráinne Phroinsias Nic GriannaPól Ó Gallchóir3:35

Gaeilge