Skip to content

Maoinitheoirí

Míle buíochas dár maoinitheoirí agus dár n-urraitheoirí a thugann tacaíocht leanúnach dúinn ionas go mbíonn muid in inmhe freastal a dhéanamh ar riachtanais an phobail i gcoitinne.

Tá comhoibriú agus nasc leanúnach ag Áislann Rann na Feirste leis an Údarás agus is mór a théann an muintearas seo chun sochar do chuspóirí agus aidhmeanna na hÁislainne ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus teanga de.

Is eagras é Glór na nGael a thugann tacaíocht, comhairle agus cabhair do choistí fud fad na hÉireann. Tugann siad aitheantas do choistí a léiríonn go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh acu ó thaobh forbairt na Gaeilge de i measc gnéithe eile de shaol na Gaeilge.

Tá ionaid pobail fud fad na tíre nach mbeadh ábalta feidhmiú gan tacaíocht ó ‘Pobal’ Cuireann Pobal maoiniú do bhord na hÁislainne le haghaidh 4 bhall foirne a choinneal fostaithe san Áislann: Bainisteoir, Rúnaí agus beirt oibrí páirt aimseartha. Le cois an maoiniú leanúnach le haghaidh na bhfostaithe, chuir Pobal maoiniú breise ar fáil le forbairt a dhéanamh ar áiseanna Naíonra Rann na Feirste i bhfoirm ‘Gairdín na gCéadfaí’.

Cuireann an ETB maoiniú ar fáil le deiseanna foghlamtha a chur ar fáil d’óg is d’aosta i gcomhpháirtíocht leis an Áislann ar bhonn leanúnach agus is mór a théann an tseirbhís seo chun sochar don phobal i gcoitinne.

Tugann Comhairle na hEalaíona Traidisiúnta tacaíocht dúinn agus muid i mbun tograí atá bainteach leis na healaíona. Sampla de seo na an dlúth Dhiosca ‘Ceol Cheann Dubhrann’ a heisíodh in 2009.

Míle buíochas do Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn a chur Costas Caipitil ar fáil leis an fhoirgneamh féin a chur ina sheasamh.

Eagraíocht iontach tábhachtach eile í Comhlucht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall. Cuireann an comhlacht seo tacaíocht ar fáil do ghrúpaí ar leith atá faoi mhíbhuntáiste agus is mór an cuidiú an cineál seo tacaíochta don Áislann leis na seirbhísí ar leith seo a chur ar fáil.

Cuireann ‘Bus Feda’ seirbhís taistil d’ard chaighdeán ar fáil dá gcuid custaiméirí agus iomlán eolais faoin tseirbhís sin le fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.feda.ie

Gaeilge