Skip to content

Seán Bán Mac Grianna 1905 – 1979

Deartháir le Séamus Ó Grianna, le Domhnall Ó Grianna agus le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) ba ea an seanchaí agus an file pobail seo. Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín), a mháthair. Rugadh é 9 Feabhra 1905. Bhí aon duine déag clainne ann ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin. Seán an duine ab óige dár mhair. Ba iad an cúigear eile: Aodh, Bidí, Sally, Áine, agus Bell. Bhí cáil na scéalaíochta ar Áine freisin. Col ceathar dó an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna.

Is cosúil nach é an oiread sin scolaíochta a fuair sé. Ach ba chuimhin le daoine Séamus Ó Grianna a rá gurbh é an duine ba chliste den teaghlach é. Ó 1926 go 1974 bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. An tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a d’fhostaigh é. Chaith sé an bhliain 1952 ag obair in Albain agus b’éigean dó tamaill a chaitheamh in ospidéal nuair a d’fhill sé abhaile. Bhí sé ag obair go lánaimseartha do Ghael Linn go ceann tamaill de bhlianta ina dhiaidh sin, é ag bailiú dóibh, ag moltóireacht dá scoláireachtaí Gaeltachta, agus ag tabhairt aire dóibh sin a chaitheadh téarmaí ar scoláireachtaí i dTír Chonaill.

Bhíodh scéalta béaloidis i gcló aige in An tUltach, chomh maith le dánta. Chuir Iosef Ó Searcaigh eagar ar chuid dá dhéantús fileata in Ceolta agus seanchas, 1976. Tá cuid mhór nach raibh i gcló riamh. Fuair sé an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1956 agus roghnaíodh é féin agus Áine chun páirt a ghlacadh sna hOícheanta Seanchais ag Gael Linn i ndeireadh na 1950idí. D’aithris sé filíocht ar cheirnín a chuir an eagraíocht sin amach. Chuir siad amach freisin caiséad ina bhfuil Aodh Ó Duibheannaigh (1914–84) ag casadh cuid dá amhráin. Bhí cáil na hóráidíochta air freisin agus bhí ina bhall de Aisteoirí Rinn na Feirste.

Bhí sé gníomhnach i Sinn Féin sna 1950idí agus nuair a d’éag sé 16 Márta 1979 tugadh sochraid phoblachtach dó. Tá sé curtha in Anagaire. Deirtear gur thaitin comhluadar na mban go mór leis ach níor phós sé. Scríobh a chara Pádraig Ó Baoighill tuairisc air in Inniu 23 Márta 1979. Mar a thabharfá leat óna ainm albino ba ea é agus bhí pinsean na ndall aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Iomlán eolais thuas tógtha ón suíomh www.ainm.ie

You can hear Seán Bán say ‘Laoidh an Amadán Mhóir’ at the following link:

http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/conallach/rannnafeirste/laoidh.htm

The work of Seán Bháin Mhic Grianna :

Seaghán Bán Mac Grianna (1976) Ceoltaí agus Seanchas arna chur in eagar ag Ióseph Ó Searcaigh. Léaráidí le Séarlas Mac Fhionnlaoich. Foilsithe ag Coiste Choláiste Bhríde.

Nóta buíochais anseo ó Ióseph Ó Searcaigh ag tús an leabhair.

Roinnt blianta ó shin shíl mé gur dheas an rud dá mbeadh glór an Fhir Bháin le cluinstin agam nuair a bhuailfeadh tallanna cumha mé anseo in oirthear na tíre. Dar liom go dtógfadh sé cian díom. Rinne Seaghán an gar sin domh. Labhair sé liom agus cheol sé domh ar théipeanna. sin anois atá sa leabhar seo agus tá mé fíorbhuíoch do ar son cead foilsithe a thabhairt do Choiste Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, mar ghné de cheiliúradh an Iubhaile Órga.

Tá mé iontach buíoch do Aodh P. Ó Duibheannaigh, a scríobh síos gach dá raibh ar na téipeanna, don Bhr. Beausang a chuir síos an ceol, do Shéarlas Mac Fhionnlaoich a rinne an léiriú, do Anraí Mac Giolla Chomhaill a chuir ar an eolas mé faoi ghnothaí clódóireachta agus do Aodh Mag Eoin a léigh na profaí.

Ióseph Ó Searcaigh

Lannléire,

 What. Lú,

May 24, 1976

 
 

Leabharthaí eile faoi Sheán Bhán:

Mac Corraidh, Seán. (2010) Seán Bán Mac Grianna, Scéalta agus Amhráin. Coiscéim ISBN 6-660012-100194

Cuir síos anseo ar a óige, a shaol agus amhráin, scéalta agus filíocht a chum sé. Tá dhá dhiosca i dteannta an leabhar seo. Scéalta gairide greannmhara a bhfuil soiscéal iontu is mó atá sa bhailiúchán seo agus tá scéal fada Fiannaíochta amháin ann, mar atá Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. I measc na sean amhrán atá le léamh agus le cluinstin tá, Bean an Fhir Ruaidh agus Seachrán Charn tSiadhail.

Gaeilge