Skip to content

Conall Ó Grianna

Rann na Feirsde: The Legend of our Ancestors

Rann na Feirsde: Seanchas ár Sinsear. By Conall Ó Grianna.

Cló Cheann Dubhrann,Áth na gCoire 1998. 488 lch.Clúdach crua.

Leabhar iontach snasta e seo atá le hanam, beocht agus pearsantacht mhuintir Rann na Feirsde agus cur i lathair an tarraingteach leis.Faoi mar atá mínither ag an eagarthóir,Conall Ó Grianna, sa réamhrá, roghnaíodh cuid de na haistí a `chruinnigh páistí Scoil Náisiúnta Rann na Feirsde (1973-1938) ... fá choinne Scéim na Scol` agus ta seacht gcinn is cheithre scór acu foilsithe anseo.Dóibh sin nach bhfuil ar an eolas faoin scéim ríthábhachtach, ríthorthúil seo, ba faioi stiúir Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971) cuireadh an scéim ar siúl.Ba éard a bhí i gceist léi, gur iarradh cabhair ar na múinteoirí bunscoile, le cúnamh agus tacaíocht airgeadais ón Roinn Oideachais san am, aistí béaloidis a lorg ó na daltaí sinsearacha bunscoile seachas gnáth-aiste na seachtaine.

Maidir le scoil Rann na Feirsde mar sin , tá 738 lch.i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, An Colaiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, imleabhar CBÉ S1064-1065 i bpeannaireacht na múinteoirí, Dónall Ó Baoill agus Pádraig Ó Baoill.Anuas ar an méid sin, is cuid de bhailiúchán CBÉ iad bunchóipleabhair na ndaltaí agus tá suas le 53 chóipleabhar ann ó scoil Rann na Feirsde i bpeannaireacht na bpáistí..Ag breathnú ar an moll mór.

Gaeilge