Scéalta as Tír Chonaill: cnuasach a trí

10.00

1 ar fáil

Seo an triú cnuasach de scéalta as Tír Chonaill a chruinnigh Séumas MacManus as Tamhnach an tSalainn. Cuireadh i gcló ar dtús i mBéarla iad in irisí Mheiriceá ag deireadg na naoú haoise deag, agus murach sin, bheadh a mórchuid caillte anois, mar go bhfuil na seanchaithe agus na tithe airneáil gann agus nach bhfuil an saibhreas a bhí ag muintir na hÉireann ag teacht anuas chugainn ó ghlúin go glúin mar a bhíodh. Tá siad ar fáil anseo i nGaeilge, mar is dual.

Rugadh Séumas MacManus in aice le Tamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall in 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Chuaigh sé leis an mhúinteoireacht in Inis Ceithleann agus ina bhaile féin. Thosaigh sé ag scríobh nuair a bhí sé ocht mbliana déag. Stad sé ag teagasc in 1893 agus chuaigh sé go Meiriceá i 1904. Scríobh sé corradh le fiche leabhar scéalta, agus tá éileamh an-láidir orthu i gcónai.

Rugadh agus tógadh Mícheál Mac Giolla Easbuic i nDachtán i gCill Chartha in iardheisceart Thír Chonaill. Ba mhúinteoir i bparóiste Chill Chartha é ó 1961 go 1993, nuair a tugadh faoi deara go raibh ailse air. D’fhoilsigh Coiscéim a thiontú ar Páidi Dubh as Tír Chonaill le Séumas MacManus. Is é a aidhm oidhreacht na háite a bheith ar fáil do na glúine le teacht. Bhronn Oliscoil na hEireann, Gaillimh, céim oinigh air in 2005. Tá sé ina chónai lena bhean Bernadette ar an Rualach i gCill Chartha.