Scéalta as Tír Chonaill: cnuasach a hAon

10.00

1 ar fáil

Tá an leabhar seo bunaithe ar scéalta a chuala agus a chruinnigh Séumas MacManus ina áit dhúchais níos mó ná céad bliain ó shin. Nuair a bhí sé ina ghasúr óg ba ghnáth leis a bheith ag áirneál cois tine i dtithe na scalaíochta, agus ba ar na scéalta sin a bhunaigh sé mórán dá chuid scribhneoireachta. Cé gur sa Bhéarla a scríobh sé, thig linn a bheith cinnte gur sa teanga Ghaeilge a chuala sé na scéalta agus gur scéalta iad a bhí mar chaitheamh aimsire ag an ghnáthdhuine ar fud na tíre ag an am sin. Mar a dúirt an scribhneoir clúiteach Conn Ó hUallacháin, “is scéalta iad a bhí fite ar sheol Ghaelach”. Tá siad curtha ar fáil anseo sa teanga ina raibh siad le míle bliain.

Rugadh Séumas MacManus in aice le Tamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall in 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Chuaigh sé leis an mhúinteoireacht in Inis Ceithleann agus ina bhaile féin. Thosaigh sé ag scríobh nuair a bhí sé ocht mbliana déag. Stad sé ag teagasc in 1893 agus chuaigh sé go Meiriceá i 1904. Scríobh sé corradh le fiche leabhar scéalta, agus tá éileamh an-láidir orthu i gcónai.

Rugadh agus tógadh Mícheál Mac Giolla Easbuic i nDachtán i gCill Chartha in iardheisceart Thír Chonaill. Ba mhúinteoir i bparóiste Chill Chartha é ó 1961 go 1993, nuair a tugadh faoi deara go raibh ailse air. D’fhoilsigh Coiscéim a thiontú ar Páidi Dubh as Tír Chonaill le Séumas MacManus. Is é a aidhm oidhreacht na háite a bheith ar fáil do na glúine le teacht. Bhronn Oliscoil na hEireann, Gaillimh, céim oinigh air in 2005. Tá sé ina chónai lena bhean Bernadette ar an Rualach i gCill Chartha.