Roth an Mhuilinn – Proinsias Mac an Bheatha

5.00

10 ar fáil

Deir Proinsias Mac an Bheatha nach raibh athbheochan na Gaeilge ina cheann aige agus é ag tabhairt faoin leabhar seo a breacadh ar pháipéar; gur tharla direach mar atá ráite aige i dtús an leabhair-gur shamhlaigh sé cás an údair gan ábhar dá pheann, é dúdhóite de shaol na cathrach agus rún aige imeacht leis agus dul sa seans ar a dtarlodh.

Bheartaigh sé imeachtai an scéil, deir sé, ag cuimhneamh dó ar a lán dá bhuil ag tarlú in Éirinn ar na saolta deireanacha seo.

Mar sin féin, admhaion sé go bhfuil cosúlacht éigin idir stair agus staid an mhuilinn sa scéal seo agus stair agus staid na Gaeilge agus gur féidir go bhfuil miniú fo-chomhfhiosach éigin ar an chosúlacht sin . . .

Is fíor, deir sé, go léirionn an dearcadh atá nochta ar an ghné sin de shaol na hÉireann atá faoi thrácht sa leabhar seo an dearcadh bunúsach atá aige ar shaol ár linne; gur traidisiúnaí é agus col aige lena lán de na hinstitiúidi atá ag cruinniú nirt sa saol inniu – institiúidí an oilc ar gá iad a throid.

Ba mhaith leis a cheapadh, má tá bun na dáiríreachta seo le Roth an Mhuilinn, nach bhfuil an scéal gan ghreann gan ábhar gáire ar fad. Agus nach bhfuil cúl tugtha ar fad ag an saol le grá lasánta sin na hóige ba léir dó i gcuid de charachtair an scéil agus a bhfuil lucht leanúna Mhámoin sa lá inniu ag iarraidh a dhiol faoina luach ar mhaithe lena bpócai féin a lionadh. Urscéal breá eile é seo le húdar An Faoileán Bán agus Cnoc na hUamha, srl.—leabhar a mbainfidh idir óg agus aosta, fhireann agus bhaineann, taitneamh as.