Seo cuntas lom údarásach óna dheartháir ar chúlra Bhrian Uí Nualláin (Myles na gCopaleen): an aicme ar díobh é, an saol ar fhás sé as, tréithe a mhuintire, na hiláiteanna inar chónaigh an teaghlach, an oiliúint gan scolaíocht a tugadh dóm mioneachtraí a óige, a theagmhálacha leis an Ghaeltacht, an snáithe intleachta a bhí fite i mbréid a dhúchais, a fhorbairt a tháinig ar a éirim ghrinnchonspóide mar bhall den “mhaba” sa Literary and Historical Society.
Tá breithiúnas ar ghné de shaothar Mhyles anseo ar cheart do lucht an tromléinn aird a thabhairt air: “Is é an fáth ar scríobhadh An Béal Bocht gur mhothaidgh fear óg go raibh bua grinn ar leith aige a bhí ag tonndadh aníos agus go gcaithfeadh sé a ligean amach nó pléascadh.” Ba leor an t-inspreagadh sin (agus an ghéarintleacht a bhronn Dia air) le bunús ar scríobh Myes na gCopaleen.