Ó Rann na Feirste go Taobh an Bhogaigh agus scéalta eile

10.00

2 ar fáil

Sa chnuasach seo, tá an grá agus an ghruaim, an trócaire agus an easpa trócaire, an brúidiúlacht agus an chneastacht shéimh mhín. Tá an greann go láidir ann, agus saibhreas álainn cancúnach na teanga. Tá neart aicsin is eachtraíochta ann fosta – agus is léir ó na radhairc troda go bhfuil taithí mhaith ag an údar ar an chomhrac fhisiciúil – agus go bhfuil sé breá ábalta cur síos réalaíoch a thabhairt ar an ábhar sin. I gcuid de ne scéalta stairiúla, tá an eachtraíocht chróga agus an greann, an feall agus an dílseacht fite fuaite ina chéile go healaíonta.

Chí muid loachra Chogadh na Saoirse ina steille bheata. Ní róhminic a shamhlaítear an greann i gcás Mhícheáil Uí Choileáin, Harry Boland ná fiú amháin De Valera – ach tá si ann – agus é déanta go healaíonta. Tá léiriú suimiúil ann fosta ar chuid de na gníomhairí rúnda – na mná agus na fir chróga a bhí ag obair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus sna péas – is a bhí ag cur eolas rúnda ar fáil d’Ó Colieáin – daoine cróga a d’fhágdadh James Bond in áit na leathphingine. An soal contúirteach ‘dúbailte’ mar a déarfa. Ficsean iontach suimiúil atá sa chnuasacg seo. Ba chóir don léitheoir a chuid do-chreidteachta a fhágáil ar leataobh – agus go díreach sult a bhaint as na séalta.