Muintir an bhaile s’againne :
Ginealach, Sean Phictiúracha agus rudaí eile fá Rann na Feirsde
Rugadh Vincie Shíle i dTóin a’ Bhaile i 1945. Chuaigh sé go Coláiste Íosagáin i gCo. Chorcaigh i gceanna a trí bliana déag do agus as sin go go Coláiste Phádraig i nDroim Conrach áit ar cháilligh sé mar mhaistír bun scoile in 1965. Chaith sé blian go leith ag teagasc i gCo. an Chabháin sular bhog sé go Paróiste Inbhear áit a bhefuil sé ina chónaí ó shin. Phós sé Áine Ní Dhomhnaill as Mín ‘a Craoibhe, Anagaire i 1974 agus thóg siad beirt mhac – Ruairí agus Colm. Tá Ruairí agus a bhean, Joy, ina gcónaí sa tseanbhaile i Rann na Feirsde.
Dhá scór blian ó shin thosaigh Vincie Shíle chruinniú ginealach mhuintir Rann na Feirsde ó sheanchaithe an Bhaile. Thuig sé go raibh eloas acu nach raibh le fáil in áit ar bith eile agus go raibh an chuntúirt ann go gcaillfidh é muna ndéanfaidh é a chaomhnú. Le na chois sin chruinnigh sé sean phictiúracha agus scríobh síos ainmneacha na ndaoine agus an ócáid. Tá sin uilig agus tuilleadh curtha le chéile sa leabhar seo.