Eachtraí Sherlock Holmes
Written by Arthur Conan Doyle, modern edition by Éamonn Ó Dónaill
Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta is ea Eachtraí Sherlock Holmes, cnuasach mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh debhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil de chéad uair. Tá na scéalta seo bunaithe ar eachtraí an chéad mhórcharachtair aitheanta sa fhicsean coireachta agus bleachtaireachta, Sherlock Holmes, agus baineann siad le seánra ficsin atá ag dul i dtreise riamh ó shin, seánra a bhfuil plé forleathan air i gcúrsaí liteartha ár linne. Scríbhneoir forásach, fadradharcach ab ea Conan Doyle, go háirithe mar ar bhain sé feidhm as forbairtí nua san eolaíocht fhóiréinseach ina chuid saothar. Is réimse eolaíochta é seo a bhfuil an pobal i gcoitinne an-tóghta leis i gconaí, beag beann ar aicme, ar chreideamh nó ar chúlra cultúrtha, go háirithe i bhfianaise cúrsaí teilifíse agus scannánaíochta ár linne.