Cead Cainte! – Críostóir Ó Floinn

5.00

Topics of the Seventies examined under the mildly malicious microscope of Christopher Flynn

3 ar fáil

Bean nocht ar an stáitse… Bualadh daltaf scoile … Protestan v. Pápaire… Angela Macnamara … Laghdú tuarastail uainn ! …  Filleadh beag san fhaisean … Sit down and be counted… An sagart ina fhear oibre … Cothrom na Féinne don bhean … The Felons of our Land… Géarleanúint ar Ghiúdaigh… Ag machnamh le Mao Peacaí na gcomharsana …

Sin cuid de na habhair chonspóideacha a tharraing Criostóir Ó Floinn chuige nuair a thug Tim Pat Coogan cead cainte dó ar Scéala Éireann. Le bliain anuas tá cáil bainte amach ag colún seachtainiúil Ui Fhloinn mar gheall ar an scrúdú géar a dhéanann sé ann, i bhfriotal cliste deisbhéalach, ar chúrsai an tsaoil sa bhaile agus i gcéin. Tá stíl bhríomhar phearsanta fuinte dó féin ag an scríbhneoir bisiúil seo, stil atá ina cor nua i bhforbairt na Gaeilge mar mheán litríochta nua-aimseartha. Léitheoirí a bhlais an mháirteoil bheathúil seo cheana, bainfid siad taitneamh athuair as an foróin, as an ngreann, as an dúthracht agus as an mbá lena nochtann an t-údar a thuairimí agus é ár spreagadh chun machnaimh. Daoine atá ag cur eolais don chéad uair ar a bhfuil sna hailt seo, aith-neidh siad gan mhoill go bhfuil Ó Floinn i dtraidisiún Swift, Merriman agus Myles na Copaleen. Tá sé, thairis sin, ar na húdair is ildánaí in Eirinn lenár linn, sa mhéid gur cuma dó an Ghaeilge nó an Béarla mar mheáin liteartha, agus go bhfuil litriocht ard-chaighdeáin cumtha aige sa dá theanga sin.