Is beag duine i dTír Chonaill fiú amháin sa lá atá inniu ann nár mhothaigh trácht ar Phádraig Mhicheáil Airt as Gaoth Dobhair a crocadh thall i Londain sa bhliain 1883. Daoradh chun báis é siocair gur mharaigh sé James Carey, an spíodóir ba chiontach le breith bháis ar bhaill de na hInvincibles a raibh baint acu leis na Phoenix Park Murders.
Seo againn úrscéal le Seamus Ó Grianna ag díriú ar an tréimhse chorrach, spéisiúil seo i stair na hÉireann. Nuacht mhór atá sa tsaothar chéanna ó tharla nach raibh a fhios go cinnte go raibh a leithéid ann go dtí anuraidh gí go gcreidtear gur scríobhadh é chóir a bheith ceithre scór bliain ó shin. Tá Báire na Fola i gcló anseo den chéad uair anois agus, mar mall is mithid, corradh beag le caoga bliain i ndiaidh bhás an údair. Fáiltímid roimhe.