An Doras Grianlasta – Lorcán Ó Treasaigh

5.00

2 ar fáil

Úrscéal an -tráthúil é seo. Ró-annamh a théann scríbhneoirí na Gailge i ngleic le fadhbanna ár linne féin.

Tá carachtair in An Doras Grianlasta atá ag iarraidh “rud éigin” a dhéanamh ar son a dtíre agus carachtair atá sásta iompú ón doras grianlasta, mar a dúirt Waugh, agus an saol a ligean tharstu gan air i measc na mbuidéal. Dhá aicme iad sin a bhíonn thart orainn gach lá in Éirinn an lae inniu (agus ar deacair a rá uaireanta cé acu an chontúirt is mó). Mura bhfaca an léitheoir carachtair an úrscéil seo chana, feicfidh sé go minic iad i ndiaidh é a léamh.

Níl beart ná briathar sa scéal ar fad nach bhfuil leithéid le fáil i nuacht na linne nó i stair na haoise.

Dán próis neamhghnách é An Doras Grianlasta agus, dá chomhartha sin, tá cúig amhrán ann ar an de dhlúth agus d’inneach an scéil iad; eascraíonn an ceol (atá le fáil i ndeireadh an leabhair) go nádúrtha as mianach na bhfocal.