Amhráin hiúdaí fheilimí agus Laoithe fiannaíochta as Rann na Feirste

10.00

Is é atá sa leabhar seo naoi n-amhrán déag & deich laoithe / dánta a bhailigh Aodh Ó Duibheanaigh agus Pádraig Ó Droighneáin ó Aodh Mac Grianna (Hiúdaí Fheilimí), deartháir na scríbhneoirí, Séamas & Seosamh Mac Grianna i Rann na Feirste ins na triochaidí don Chomisiún Béaloideasa i mBaile Átha Cliath.

Ba ó Mhéabha Tharlaigh Mhoir a fuair Hiúaí Fheilimí furmhór na n-amhráin dúchasacha & na laoithe ach tá dánta ann ó Ghráinne Phroinsiais, Nora Dhonnchaidh Uí Bhaoighill, Mairéad Mhic Ruairí, Máire Uí Dhubhthaigh, amhráin ó Isibéal Ní Dhuibheanaigh, Pádraig Ó hArlaigh chomh maith le leagan de Laoi na mBuaidheann a bhailigh An t-Athair Lorcán Ó Muirí óna seandaoine i Rann na Feirste.

Is é Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste a chuir eagar ar an leabhar seo & is é Mánus Ó Baoill as Ard Mhacha a chuir ceol leis na hamhráin ar fad.

Tá ins an chnuasach seo smior na gaeilge, na filíocht & an cheoil & mórán amhráin nár canadh le fada.

Is leabhar tábhachtach é do neartú & saibhriú an tsean-nóis amhránaíochta.