Skip to content

Fáilte go

hÁislann Rann na Feirste

What's On?

Latest Events

Is comhlacht pobalbhunaithe, neamhbhrabúis é Áislann Rann na Feirste Teoranta, le stádas carthanachta agus ar an ábhar sin is iad cúraimí pobail agus teanga, na cúraimí is tábhachtaí agus is mó atá orainn.

Bunaíodh coiste ‘Togra Rann na Feirste’ in 1997 agus daingniú deontais chaipitil ó IFI, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus MFG in 2007 le hionad pobal a chur ar fáil do bhunadh Rann na Feirste. Le linn feachtais tofa airgid d’éirí leis an choiste thar €320,000 eile a thógáil. Is páirt thábhachtach í an cultúr an dúchas agus an teanga i bpobal Rann na Feirste agus beifear ag súil go mbeidh gníomhaíochtaí na hÁislainne lárnach i gcaomhnú agus ag forbairt na ngnéithe sin.

Tá an Áislann féin tógtha i ‘bPáirc Sheáin Néill’ mar a thugtaí air agus cé gur fosclaíodh í i Meitheamh 2010 rinneadh í a oscailt go hoifigiúil ar an 21 Deireadh Fómhair 2011. Is féidir a rá gan amhras anois go bhfuil páirt lárnach a imirt ag Áislann Rann na Feirste i saol an phobail agus na pobail atá buailte linn.

Táimid anseo duitse

Cuir in áirithe anois

Is é an ráta caighdeánach chun an halla nó an seomra a fhostú ná €20.00 don chéad uair an chloig agus €10.00 in aghaidh gach uair an chloig ina dhiaidh sin.

Mar sin féin, d’fhéadfadh rátaí a bheith éagsúil ag brath ar an ócáid, mar shampla dioscónna, páirtithe, príomhfheidhmeanna...

Cliceáil an cnaipe thíos chun áirithint a dhéanamh anois nó chun tuilleadh a fháil amach.

Le buíochas

Maoinitheoirí

Gaeilge